Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh dóigh ar bith acú le airgead a dheanamh acht ag deanamh poitin agus a dhíol.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Siubhail an bheirt leo giota eile i gcionn tamall d’amharc siad thart arais agus tcí siad dhá gardaí i neas dobhtha.
    Bhí an eagla ar an bheirt anois no shaoil siad go mbéadh an poitin acú. Agus shaoil siad fosta go rabh an droch ádh ag iomhchar leo ceannai nach dteachaidh siad go dtí an teach a rabh an fagháil bhais ann. I gcionn tamall d’amharc siad thart arais agus bhí ceann Ealafant ar fear acú agus ceann leomhan ar an fear eile.
    Dimthigh an bheirt annsin mar bhéadh gaoth Martha ann Chuaidh an fear agus a mhach go dtí an áit a rabh an poitin agus nuair a tháinig siad fad leis chonnaic siad an leomhan agus an Ealafant agus an madadh na suidhe síos agus iad ag íl an poitin. Nuair a tháinig an fear agus a mhac ní ba ghoiride thoisigh siad ag gáiridhe agus ag magadh futha agus nuair a tháinig siad fad leo bhí an poitin uilig ólca acú. Thoisigh an fear agus a mhac ag caoineadh go brónach annsin agus i gcionn tamall déirigh an Ealafant agus chuaidh sé anonngo dtí an baraille agus d’fhosgail sé a bhéal agus leig sé amach an poitin uilig agus bhí sé comh maith agus bhí sé ariamh agus rinne an leoman mar a gcéadna agus an madadh mar a gcéadna. Annsin d’imthigh siad síos taobh an chnuic agus iad ag feadalaigh go dteachaidh siad as amharc. Ní dhearn an fear dadaidh acht chuaidh sé anonn go dtí an baraille agus fuair sé greim ar an baraille agus chaith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghóill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall