Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear agus bean ann fad o shoin agus bhí mac amháin aca. Chuaidh sé thuig an aonach lá amháin agus ní rabh airgead ar bith aige.

    Bhí fear agus bean ann fad oshoin agus bhí mac amháin aca Chuaidh sé thuig an aonach lá amháin agus ní rabh airgead ar bith aige. Chonnaic sé fear ag cur céad punt in a phoca. Chuaidh sé thart agus thug sé leis an céad punt agus cur sé an sparán folamh isteach i bpóca fear eile. Níor fhada gur dubhairt an fear gur chaill sé an tairgead agus dubhairt sé go dtabhairfeadh sé cúig punt don duine a bhfuighfidhe é Dubhairt an fear seo go bhfacaidh sé fear ag cur isteach in a phóca é Fuair siad greim ar an fhear seo agus ní rabh airgead ar bith ins an sparán Cuireadh isteach na príosún é fuair an fear eile na cúig punt Crochadh an fear a rabh an sparán aige cupla lá na ndiaidh sin. Thoisigh an fear seo a rabh an tairgead aige ag imirt chárdaí Chaill sé an tairgead uilig. Fuarthas greim ar an fhear seo cionnus go rabh sé ag imirt chárdaí beireadh air tamaill na dhiaidh sin agus cuireadh isteach i prísún é Ní rabh sé ro fhada san phrísún go bhfuair sé bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Coilín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Mhín Bhuí, Co. Dhún na nGall