Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 149
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann fad ó shoin dar b'ainm do Seán Ó Seanachaín agus bhí sé na chomhnuidhe i Sraith Na Díoga le na mhnaoi Bríghid.”
Bhí fear ann fad ó shoin dar bhainm do Séan Ó’Seanachaín agus bhí sé na chomhnuidhe i Sraith Na Díoga le na mhnaoi Bríghid. Chuaidh se suas maidín amháin a’ báint luachra go Gleann Bhalcan. Tamall na dhiaidh, chonnaic sé fear ag teacht chuighe. Bhí aithne mhaith ag Séan ar an fhear seo, agus bhí an luthghair air roimhe. Pádraig Beag an t-ainm a bhí air. Bhí Padraig ag teacht ó Albáin mar bhris sé a lámh tall, agus beigin do theacht abhaile. Dubhairt sé go mbheadh obair mhór ag gabhail ‘un tosaigh ann i gcionn cupla lá. “Maise tá airgead a dhith ormsa” arsa Séan, “da bhéinn thall. Bhí ar shiubhail anois arsa Pádraig, agus béidh tú in am ag an bhád a tháinig mise abhaile air. Ní thig liom a gabhail gan a innse do Bhríghid agus gan mo cuid éadaigh a bhéith liom. Bhearfaidh mise mo cuid éadaigh duit agus béidh ar shiubhail arsa Pádraig. Chuir Séan éadaigh Pádraig air, agus chuir Pádraig na sean éadaigh a bhí ar Shéan ar fhéin. D’imthigh Séan go h-Albáin annsin, agus thionntuigh Pádraig síos go Sraith Na Díoga. Ach nuair a bhí sé ag gabhail trasna na h-abhna thuit sé agus baitheadh é. Thug an tuile mhór an corp síos agus bhí sé brúighte agus stróchtha ag na clocha móra. Agus nuair a fuair siad an corp shíl gach duine gur Séan a bhí ann mar bhí éadaigh Séan air. Tugadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cuirín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chuirín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall