School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 117
  3. XML “Arán sa tSeanaimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba gnáthach leis na seandaoine sa t-sean aimsir níos mó cineál aráin a dhéanamh na dheanntar anois ar chor ar bith. Ba gnáthach leo morán bocstaí a dhéanamh. Ní dheanna na daoine bocstaí acht go hannamh. Tá sé an mhaith. Tá bocstaí déanta de préataí. Chonnaic mise cuid de na seandaoine ghá dhéanamh. Fuair siad préataí agus ghearr said an chraiceann daobhtha. Annsin sgríob siad iad le sgríobadóir. Annsin d'fhaisc siad an t-uisge ar fríd eudach glan. Fuair siad préataí bruighte annsin agus mheasc siad iad leis an cuid eile. Chuir siad salann ann annsin agus rinne siad bunóg de. Rinne siad an bunóg in a giotaí beaga annsin. Fuair siad oighean annsin agus chuir siad ar an teine é agus nuair a bhí sé te chuir siad im air. Chuir siad na bunógaí beaga ann annsin.
    Nuair a bhí an taobh íochtar déannta thionntuigh siad iad. Nuair a bhí an taobh sin déanta thóg siad iad agus chuir siad siúcra agus bainne ortha le iad a dhéanamh bog blasta agus chuir siad isteach i sgáile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghan Ó hEigheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Largymore, Co. Donegal