School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d'fhág sé a bhean agus a mhac 'na dhiaidh. Shiubhail sé go Doire, agus fuair sé bád annsin a thug anonn slán é.
Bhí sé ag siubhal leis, acht ní thio[c]fadh leis aon obar a fhágháil. Sá deireadh d'astuigh sé le fear amuigh sa'n tír. Fuair sé a chuid bidh go maith, agus éadaigh ar feadh na bliadhna, acht ní bhfuair sé aon phinginn tuarastáil. Nuair a bhí an dara bliadhan istoigh aige ar an dóigh céadna, dubhairt sé go mba mhaith leis airgead a chur abhaile fhad le na bhean agus a mhac. Acht dubhairt an mhaighistir leis nach bhfuigheadh sé aon pinginn go gcuireadh sé isteach bliadhan eile. Nuair a bhí an bhliadhan sin istoigh ní bhfuair sé aon phinginn, agus choinnigh an maigistear mar sin é go cionn ceithre bliadhna déag. "Seo anois" arsa an maighistear "thig leat a ghábhail abhaile lá ar bith is mian leat, agus ní bhfuigh tú an phinginn uaimsa ar son(continues on next page)- Collector
- Máire B. Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Máire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall