School: Learga na Saorthach (roll number 14888)

Location:
Learga na Saorthach, Co. Donegal
Teacher:
Cathal Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Learga na Saorthach
  2. XML Page 108
  3. XML “Gasúr a Bhí ann Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gasúr a bhí ann Fadó.
    Bhí gasúr beag ann aon uair amháin agus bhí a mhathair an olc dó. Chuireadh sí amach ar maidin é gan aon dáth acht cúpla préataí, agus bhíodh aige le dul chun na cnuic leis na ba a choimead. Lá amháin tháinig tarbh fhad leis, agus diarr air an aodharc deas a bhaint do, agus go bhfaghadh sé a sháith le h-ithe agus le h-ól ann. Rinne sé seo, agus fuair sé a sháith le h-ithe agus le h-ól ann. Chuir sé an adharc ar an tarbh ara[is] agus d'imthigh an tarbh suas an cnoc aríst. Nuair a bhí na ba a thabhairt abhaile, agus thug sé abhaile iad, agus fuair sé cúpla préataí mar gheibheadh sé i gcomnuidhe, agus cuireadh a luighe é. Cuireadh na shuidhe é go luath ar maidin lá thar na bharach agus b'éigean (agus) dó na bá a thabhairt 'un cnuic leis. Nuair a bhí sé tamaill ar an cnoc, tháinig an tarbh fhad leis airíst, agus fuair sé a sháith le h-i[the] agus le h-ól ann, agus chuir sé an ch[..?]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Folktales index
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Language
    Irish
    Collector
    Maigread Ní Seibhlín
    Gender
    Female
    Address
    Srath an Bhealaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seamús O hAoidhne
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Churraoin, Co. Donegal