Scoil: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Gearóid Ó Coindealbháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach níorbh é deiseacht na h-oidhche ná áilneacht na nádúire a bhí ag deanamh curaim dó'n bhfear ach cionnus a bh'féadfadh sé freagra a tabhairt ar an sprid. Nuair srois sé bun an tsléibhe connaich sé an sprid agus sar a raibh sé d'uain aige aon rud do rádh cuir sí an cead ceist air mar ba gnáthach. Dubhairt sí:
"Coinneal agus coinnleóir ann,
Agus cuir-sé leath-rann le sin".
Dubhairt an fear:
"Cuileann a bainfí um Shamhain,
Cuirfeadh sé ceann ar thigh."
Dubhairt an sprid airís:
"Coinneal agus coinnleóir ann,
Agus cuir-sé leath-rann lé sin".
Dubhairt an fear :
"Muileann ar lár na h-abhann
Is é ag seiliceadh thall is i bfus."
Dubhairt an sprid an triomhadh uair:
"Coinneal agus coinnleóir ann,
Agus cuir-sé leathrann le sin."
D'freagair an fear:
"Dá dtuilltheá na bFlaithis in am
Ní beitheá id'shamhailt annsan".
Nuair do chonnaic an sprid go raibh buaidhte uirthi dubhairt sí:(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Teidhirs
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Domhnaill Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge