Scoil: Tuar an Fhíona, Cluain Meala

Suíomh:
Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Gearóid Ó Coindealbháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Daoine Cáileamhla.
    Fadó do bhí duine ina comhnuidhe i mBeul na Molt darabh'ainm dó Donnaca Ó Cadhla. Duine láidir do b'eadh é. Uair amháin do thóg sé an leath-céad ina láimh agus do scríobh sé a ainm ar an bfalla comh maith is dó dheanfadh duine eile é le peann.
    Do thug fear eile, darab' ainm dó Seán Ó Guidhre truchall prátaí tré na páirce mar ní feudfadh an capall a bhí aige é dó tarraingt.
    Uair amháin do bhí duine 'na comhnuidhe i gCaoch Maol darab' dó Tomás Ó Flíonn. Duine iongantach cun ráiseanna do rith do b'eadh é. Do cuaidh sé go dtí Sasana agus an Ástráil agus do buaidh sé i ngach áit díobh. Ní amháin i gcoinne na bhfear do rith sé ach i gcoinne na gcapall agus do buaidh sé ortha leis. Do buaidh sé an-cuid dúiseanna.
    Timceall seasca bliadhain ó shoin do cuaid fear darab' ainm do Noonan ó Móin an tSeabach go Caislean Nua fe dhein an tsagairt ach ní tiocfadh sé. Níor dhein an fear dada ach siubhal sios go Portláirge agus do innis se an sceal do'n t-Easbog a bhí ann, Fuair sé litir uaidh, agus do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seumas Ó hAnnracáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge