Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ón bhfarraige agus luigheann ar an talamh. Tagann an mhara-fhada aníos comh maith agus bíonn sí ag dul thart ag na sruthán.
Tagann an rón isteach in aice an talaimh nuair a bhíonn athru air. Tagann éan mór eile a dtugann siad an foitheach air in aice na talmhan agus nuair a thigeann sé sin bíonn fhios ag chuile dhuine go bhfuil athru air.
Iompuigeann an cat a dhruim leis an teine agus tosuigheann se ag scríobhadh agus an áit a bhíonns a aghaidh tugtha sin e an bonn a thagas an ghaoth as. Nuair a theigheas an madadh ag ithe féir glais bíonn árd-stoirm air. Nuair a bhíonn droch-uair air bíonn na bá i bhfiadháin agus imthigheann siad rompa ag rinnce.
Nuair a bhíonn droch-uair air bíonn an spéar dearg thoir acht nuair a bhíonn sí dearg thiar bíonn uair maith air. Nuair a bhíonn ceó ar na cnuic i ngar de'n talamh bíonn uair maith air. Acht nuair a bhíonn ceó ar bharraibh na gnoc bíonn sé ag tarraingt fearthainne. Nuair a fheicfeas tú ceó-bhothair ag imeacht lé gaoth bíonn athrú air. Nuair a bhíonn réalra in aice an ghealaighe bíonn stoirm air.
Nuair a bhíonn ceo lé deireadh an ghaelaighe bionn stoirm air agus ma bhíonn ceo le tosach an gealaighe bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chinnéidigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bhean Uí Chinnéidigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo