Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 328
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh na muinntir a cuireadh amach go Ameirica sa mbliadhain an imirce - 1881 agus 1883. Bhí smacht mór ag an tíghearnaí talmhan ar na tineóntuidhe - sé sin, b'éigin doibh fiche la oibre a dheanamh do na tighearnaí - deich lá san earrach agus deich lá sa bfóghmhar.
An uair a bhí Cumann an 'Land League' ann dhiultuigh muinntir Dubh-Airc an obair dualgais a dhéanamh don tighearna talmhan. Thuit na daoinibh agus an Chiaranach amach lé chéile agus annsin dhiúltuigh siad an chíos d'íoc nó go bhfuighead siad laghdú ceithre sgilling as a bpunt. Nuair nach raibh an Chiaránach ag fágail aon airgid b'éigean do an talamh a thabhairt suas do na ? agus cuaidh sé féin go America.
Bhí feilm ag cartar tighearna talmhan eile i Muing-a-Dóráin agus bhíodh na tineontaide ag obair ar phaighe ar an bhfeilm seo. Tharla argóint eicint idir na tineóntaidhe agus Cartar. Nuair a bhí an fógmhar le baint thug sé isteach strainséara leis an obair a dhéanamh. Níor mhaith leis na tineóntaidhe sin agus an cead lá a cuaid strainséara isteach ag obair chruinnig na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghamhnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Conmhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo