Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 265
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Chuartaigheas a's fuaras is dob fhorus é a fhagail, rud nach bhfuair Dia is nár'b fhéidir leis fhághail.
(Maighistir)
2. Tá sé fliuch agus fuar agus tá sé faoi'n bhfód agus déanfaidh sé righ nó bainrioghan.
(Uaigh)
3. Bhí triúir driotháracha ag gabháil an bothair lá. Bhíodar ag dul thar roilig. 'Gabhfaimid isteach go nguidhfaimid ar uaigh mic ár ndriothár' arsa beirt acú. 'Ní rachfaidh mé ars an tríomhadh fear fear, mar níl mac mo dhriotháir curtha ann. Cé'n gaol a bhí eatorra?
(A mhac féin)
4. Céard a dhéanfadh níos mó torann ná muc?
(Dhá mhuc)
5. Sin é sa gcófra é agus an sgian go baic ann.
(Pláta ime)
6. Céard iad na trí nidh gan riail?
(bean, muc, a's múil)
Céard iad na trí nidh is géire radharc?
(Seabhac, ingleann, éan ar crann, agus cailín óg, i gcruinniú.)
Tá teine faoi agus teine ós a chionn agus ní dhóghann sé ariamh.
(Cáca in oigheann)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Scanaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Scanaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo