Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 296
- XML “Seanamhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán
“Bhí mé thiar i Málainn nuair a chualaidh mé an gár seo”
Seán Amhrán
Bhí mé thiar i Málainn nuair a chualaidh me an gár seo
‘S go luath thug me rasa go dtigeann aniar
Go dtugann comhairle do’n leanamhain ‘m foide a dheánamh
‘S go bhfuighidh siadsan sasadh in dheireadh a saoghal
II
Ar a theacht i latháir damh bhí an comhnair ar lár aca.
‘S chosgair mó náduír mó mhisneach ‘s mó chroidhe
Bhí an chrónaire gallda ag chuir túirisg ar na bpáisdé
‘S gan fios ce an fath a thug díonadh an dlíghe
III
Nach bí Máighread a bhí cráidhte nuair a tháinig si an garda
Cruinnigthe as gach cearn ag comh moradh an-inghéan
S Nach rabh plannda sa garraidé ba deise na Máire
Gaedeálach no Gallda a rabh ann as an aer
IV
Nach Tobann an bas tháinic ar inghean Sheámus Áiris
‘Sé ag éirighe in airde ins an leabaidh na shuidhe
‘S nach dtabharfadh an bas leat uair amháin dí
‘S nach dtáinig sagart no grásta gur grástaí spád í
V
Nac aoibhinn do’n pháisde mar a chuaidh sí go parrthas
‘S go bhfuil sí le Máire ‘na suidhe le na taobh
‘S tá aoibhneas i bparrthas nach bhfuil fáth bheith a trácht air
‘S is meanra do’n leanbh ‘na bhfuil ag a inghean- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)