School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 113
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ag teacht ó beith ag spealadoireact san nDoirín - Buide i nGleann Garbh agus bhí an speal thar a ghualainn aige. Donncadh Mór ab ainm dó agus bhí sé ag dul abaile go dtí Rochum suas fé's na chnuic
    Cad a chas air ach na mílthe agus na mílthe cat. Bhí ceann mór amháin ann agus bhí sé sin a d'iarraid an fear do marbhú. Sa deire do bain se an ceann d'on cat seo leis an speil. Ansan do thosnuig an chuid eile ag caoineadh an cait a marbhuigheadh. Do dein an fear iarracht ar ceann eile do mharbhú acht dúbhairt sí sin leis fanamhaint, go raibh a dhótháin scris déanta aige an oidhche sin mar go raibh Rí na gCat marbh aige is go raibh sé chun díol as go daor anois. Ansan thosnuigeadar ag brúghadh isteach air; tháinig sgannradh air is caith sé uaidh an speal agus as go brác leis ag rith cómh mear is a bhí sé na cosaibh agus gheallaim-se dhuit nár leig sé d'aon fhéar fás fé na chosaibh go dtí gur bhain sé amach a thig féin.
    Bhí caitín beag, dúairc aige sa bhaile agus bíodh sé na luighe sa luaith gac lá agus 'Diarmuidín' a thugadís air. Dúbhairt Donncadh tar éis dul isteach do, "Diarmuidín na luige sa luaith mharbhuigheas 'Rí Úashal na Gcat' Cad a dhein 'Diarmuid' ach é féin do dhíreachú is an luaith a do chrothadh as agus léim áa thógaint is chuaidh sé ar sgórnig an fhir acht do rug an bhean air is caith sí amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ó Donnabháin
    Gender
    Male