School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 088
  3. XML “'Scaoil an Guí Fairsing' arsa an Guth”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt fhear ag tógaint gal as píopa lá. Nuair a bhí gal tóguite ag ceann acu do thug sé an píopa don fhear eile, agus dubhairt sé leis M "beannacht Dé le n-anam" agus le na lín sin do labhair an guth, "Scaoil fairsing é, agus an dara lá do thuit an rud céadna amach. Do imthig an bheirt fhear go dtí an sagart agus do innis siad an sgéal do; tháinig an sagart agus an bheirt fhear go dtí an áit ceadna. Do thógadar gal as an bpíopa agus dubhradar "beannacht Dé le hanam na marbh" agus do labhair an guth arís "Scaoil fairsing e". Labhair an sagart "an bhfuilim ábalta aon níd do dheanamh duit". "Tá bean míle as so go raibh dáreag duine clainne aici agus fuairadar go léir. Bás agus níor goil sí deóir na diaidh, agus aon achuingí abhead le fághail Ó Dhia gheobhaidh sí í agus tá mo sábáil aici Sin."
    Do fuair an sagart an bhean agus do chuadar san áit céadhna agus an bheirt fhear agus thógadar gal as an bpíopa agus do dubhradar "beannacht Dé le n-anam agus do freagair an tseana bhean iad agus le h-anam atá ag paidireoct ansan agus le na lín sin do eitil an t aingil ós agcionn anáirde ag fágaint slán aca "táim ins na flaithis anois".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish