Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Adrigole, Co. Cork
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Saol na nDaoine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chomhnuidhe thuas i nDoirnín fadó[?] Bhí cráin agus áll banbhaí aige i gcóir an aonaigh[?] Bhí sé chun an chráin do thabhairt i gciseán agus na banbhaí do thabhairt i gciseán eile, ciseán ar gach taobh de'n chapall. Ní raibh an bóthar atá ann anois ann in-aon-chor an uair sin. Thuas ar an áit gceadna ina bhfuil tig Sheáin Uí Sheaghdha[?] déanta anois abhí a thig. Síos bóthar Béarna Thaidhg Gabha a chuaidh sé agus síos le hais na habhann. Nuair a shrois sé an chéardhta le hais droicidín timpeal míle ón dtig 'seadh chuimhnig sé ar cad a thabharfadh sé abhaile leis. Do ghlaoidh sé ar a mhnaoi. "A bhean" ar seisean, "an leath-dosaon ba seasca nú leath-dosaon uan a thabharfad sé abhaile [?]" "Glan leat a amadáin" ar sise. Do chuaidh sé don aonach gan a fhios aige cad a thabharfadh sé abhaile leis. Ach is é rud d'imthig air ná nár tháinigh aoinne cun iad do cheannach uaidh.
    Nuair a tháinig sé abhaile ó'n aonach bhí sé féin agus a bhean ag cur is ag cúiteamh go ceann abhfad. Ar maidin lár na mháireach d'éirig sé go moch agus thiomáin sé an chráin agus an áll banbhaí suas go pluas abhí thuas i Leacha Riabach agus d'fhág sé ann iad go ceann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Derreen Upper, Co. Cork