School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)diaidh. Bhi eagla air. Nuair a bhi sé ag dul isteach an doras fuair sé amach gurbh é an ganndol a bhi ann. Do chreid na daoine go raibh pucai sa tigh.Oidhche amhain bhi cúpla fear istigh i dtig agus dubhairt fear amháin "Aon fhear a raghadh go dti an roilig agus plaosc a thabhairt abhaile leis tabharfad dhá phunt do. Dubhairt beirt fhear go raghaidís. Nuair a bhi siad imthighthe do chuir beirt fear eadach ban ortha agus d'imthigheadar go cuinne na roilige. Nuair a bi an beirt eile ag togaint suas an plaoisc dubhairt fear amháin " leig síos mo cheann" agus scaoil e uaidh é. Thóg sé arís é agus dubhairt an fear an rud ceadna, ach nior leig sé sios é an turas so. Dubhairt an fear an rud ceadna arís agus d'freagair an fear eile e. " Ni feidir tri cinn a bheith ort" agus ritheadar abhaile leis an bhplaosc. Nuair a shroiseadar an tig chaitheadar an plaosc isteach agus dubhairt siad "Seo é an plaosc agus tá an duine gur leis é im dhiaidh". Nuair a thainig a bheirt eile thug siad an dhá phunt don bheirt fhear.(continues on next page)
- Collector
- Fíloména Ní Chearmada
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Cearmada
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ballyonan or Doonaghboy, Co. Clare