School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- XML Page 045
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)4. Leimt thar Téid;-
'San Earrach a imrightear na cluichí leis an dteid.
(i) Bionn téad ag cailin amháin agus bheireann si greim air le'n a dhá láimh. Casann sí chun tosaigh é, thar a ceann agus fe'n a cosaibh (leimeann sí chun go raghadh an tead saor fe'n a cosaibh). Faid a bhíonn san ar siubhal aice deineann sí an aibightear d'aithris go gcuirtear stop leí. Deintear é sin ath-uair. An dá litir ag a stopann si cuirtear ainm bhuachalla ortha. Deintear ranna eile a chanadh chomh maith, ranna a thagann do ghairm-bheatha an bhuachalla, dath an ghuna phosta 7rl.
(ii) Casann beirt chailin ( a bhionn timcheall se slata o'n a cheile) tead fhada agus ritheann cailin eile isteach agus leimeann ann go stopann si.5.) Tarraingt na Téide:-
Bíonn suas le beirt duine deug 'san gcluiche seo. Roinntear na cailiní go cothrom i ndá buidin. Beirid greim ar tead fada agus bíonn gach taobh a d'iarraidh i tharraingt chuiche fein. An taobh is láidre, go n-eirigheann leo an téada tharraingt chuiche fein bíonn an buadh acu(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Address
- Kilkee, Co. Clare