Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Kilkee, Co. Clare
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rásanna na ngadhair ar siubhal fé lathair. Ba le Eibhlis Ní Bhriain é sin leis. Roilig 'seadh cuid de, an chuid de'n phairc is giorra de bothar Dúin Lice. Tugtaí "Pairc na bFiadh" air ó n-aimsir Eibhlise. Bhí claidhe leathan idir an phairc san agus an phairc 'n-a bhfuil Tobar Sionain, agus bíodh Eibhlis Ní Bhriain ag marcaigheacht anairde air gach lá. Marcach gan locht a beadh í. Deirtear go raibh sean theampall san áit i n-allod agus gurbh e "Teampall Naomh Chaoi" é. Tá crimleac 'san gcuid de'n pairc 'n-a bhfuil an reilig. Deirtear go bhfuil Naomh Caoi curtha fé'n lic sin. D'reir eolaidhthe staire "altóir na ndraoi" a beadh é. Deir Mac Uí Cearmada (ó fothach) gur "cloc an aifrinn" e, go ndeirtí Aifreann ann i n-aimsir na bPein dlighthe.Tá sé le feiscint ag cac ach go h-airithe agus é 'n-a colg-seasamh. A' tracht ar an reilig, deirtear gur chuir Eibhlis Ní Bhriain cosc le cur na mart ann, mar nar thaithn an "caoineadh" leí. Bé an duine deiridh a cuireadh ann ná Mac Ui Coistealtha, cead bliain ó shoin tharla san.
B'sin an páirc 'n-a raibh Tobar Sionáin cead uair. D'orduigh Eibhlis Ní Bhriain dá fearaibh oibre an tobar do dhúnadh mar nár thaithn leí go mbeadh na daoine a' teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Chonmhara
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dough, Co. Clare