Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an dtig-sa suidte ar taobh an bhóthair agus is mór an compórd sin. Téigheann an bóthar go dtí Baile Úi Bheacháin ar taobh amáin agus go dtí Lios Dún Bhearna ar an taobh eile.Deireann béaloideas nách raibh an bóthar sin ann ar cor ar bith timcheall ochtmhad bliana ó shoin. Bhí dhá bóithre eile ann, ceann aca ag rith in aice na fairrge agus an ceann eile ar bárr na sléibhe.Bíonn fear áirithe ag obair san bóthar de gnáth acht úaireannta eile bíonn seana fear ag obair ann mar bíonn sé curtha amach ín "Obair Díreach" "Direct Labour". Timcheall leath míle nó mar sin om thig-sa tá Cros-bóthar suidte. Is mó íad na sgéalta agus na pisreóga atá ag baint leis mar gach aon áit cosamhail leis. Deirtear nuair a bíonn scata tinncéar ag dul mór timcheall na háite ag díol rudaí nó ag íarraidh déirce go dtéigheann roinnt aca go dtí taobh amháin agus an cuid eile go dtí a malairt taobh.Núair a thagann síad go dtí an Cros-bóthar priocann síad roinnt féir agus cuireann síad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Murrooghtoohy South, Co. Clare