School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)

Location:
Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
Teacher:
M. Mac an Airchinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 392

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 392

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Page 392
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an dtig-sa suidte ar taobh an bhóthair agus is mór an compórd sin. Téigheann an bóthar go dtí Baile Úi Bheacháin ar taobh amáin agus go dtí Lios Dún Bhearna ar an taobh eile.
    Deireann béaloideas nách raibh an bóthar sin ann ar cor ar bith timcheall ochtmhad bliana ó shoin. Bhí dhá bóithre eile ann, ceann aca ag rith in aice na fairrge agus an ceann eile ar bárr na sléibhe.
    Bíonn fear áirithe ag obair san bóthar de gnáth acht úaireannta eile bíonn seana fear ag obair ann mar bíonn sé curtha amach ín "Obair Díreach" "Direct Labour". Timcheall leath míle nó mar sin om thig-sa tá Cros-bóthar suidte. Is mó íad na sgéalta agus na pisreóga atá ag baint leis mar gach aon áit cosamhail leis.
    Deirtear nuair a bíonn scata tinncéar ag dul mór timcheall na háite ag díol rudaí nó ag íarraidh déirce go dtéigheann roinnt aca go dtí taobh amháin agus an cuid eile go dtí a malairt taobh.
    Núair a thagann síad go dtí an Cros-bóthar priocann síad roinnt féir agus cuireann síad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Language
    English
    Collector
    Siobhán Ní Chathasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Muiriúch Tuaithe Theas, Co. an Chláir