Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Leathanach 393
- XML “Bóithre an Cheantair”
- XML “An Lios”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na bárraí ar aghaidh an bhóthair a bíons síad ag dul chun go bheicfead an dream eile go bhfuil síad imthighthe an slíghe sin agus nách bhfuil aon maitheas dóibh leanamhaint den turas.Lá Bealtaine eirigheann duine amháin as gach aon tig go moch agus téigheann sé go dtí an tobar is giorra don Cros-Bhóthar chun buicéid uisge Bealtaine do bhreith abhaile leis mar deirtear go bhfuil leigheas ins an uisge sin.
Siobhán Ní Chathasaigh
Muirbheach,
Baile Úi Bheacháin - Tamaill beag ómh thig féín tá lios agus tá scéal iongantach ag baint leis. Oidhce amháin bhí fear ag dul chun aonaig i gCora Finne. Bhí an talam clúduigthe le sneachta agus dob fuirist gach rud d'fheiscint. Ag gabháil tar an leas do chonnaich sé a lán rían coise ar an sneachta taobh amuigh den leas. Dubhairt sé leis féin ná fágfaidh sé an áit go dti go bhfeicfeadh sé cionnus bhí an sgéal. D'imthig sé isteach san leas agus chonnaic sé rían choise i lár an leasa. Ní raibh ann ach san. Tháinigh sé amach agus d'infuich sé mór-thimcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máiréad Ní Luanaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Moanreel South, Co. Clare