School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Page 326
- XML “Féilte na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá le Brigde. Tá tobar beannuigce Naomh Brigde suidhte i lis-ceannúir agus téigeann na daoine chuige mar tá leighiseanna le fágail ar galair éagsamhla núair cóimlíontar an turas agus má deirtear na paidreacha áirithe. An oidhche roimh an lá seó bíonn spórt agus siamsia de gach saghas ar siubhal ag an tobar agus bíonn sluaighte móra daoine ann.
Oidhce Nodlag. Lastar coinnle móra céireach agus fágtar íad ar na bhfuinneógaibh a bhíonn gléasta le cuileann, le heidhin is le bláthanna. ‘Sé an mac is óige sa tig a lastann íad de gnáth. Comórtar an oidche seó roimh lá Nodlag. Crochann na páistí a stocaí suas idtreó is go dtabarfadh San Niclás bronntanas dóibh.
Lá le Mártáin, marbhuighthear coileach nó ainmhidhe no éan ins gach teach agus doirtear an fola in onóir dó’n naomh seo a dúnmharbhuighead.
Lá Naomh Eoin an oidhche roimh an lá seo lastar teinte cnámh ar fud na tíre agus fanann daoine tímcheall ortha ag rinnce is ag deanamh spóirt.
Lá Bealtaine crochtar craobh glas le h-úrsain gach doras ag cur fáilte roimh an t-samhraidh agus idtreó is ná dtiocfadh na daoine maithe isteach.
Oidhche Coille ‘sé an ainm is coitcíannta tugtar air ná “Oidhche an dóithín mór” mar deirtear má ithtear a ndóthain an oidhche seo go mbeadh a dhótain ag gach aoinne le(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Chrídheáin
- Gender
- Female
- Address
- Ballingaddy West, Co. Clare