Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sórt osbuidéál, do na daoine go raibh an fiabhras acu thíos i mBealach a Ló, mar a bhfuil comhniú ar Shean Ó Muirtuille anois, agus ceann eile thíos i gCé na Droma, i gcuan na Léime. Do cuirtí na daoine gan cómhra; bhéarfadh trúr fear an corp leo, agus is minic a bhídís féin ró lag chun é do thabhairt go roilig coisrichthe agus cuiridís in aon bhall in-ao'chor iad. Do chuireadh go leór daoine ar gach taobh an chlaidhe sin, atá ar an dtaobh thoir de Séipéal na Léime, agus ní raibh aon roilig cheart ann. Do leanadar de'n nós san ibhfad 'na dhiaidh san, daoine á chur in áiteannaibh mar sin. Is cuimhin liom féin duine á chur annsúd - sean athair Pártalán Ó Donnabháin - gabha na Léime - agus cuireadh san áit sin é. Ach do labhair an Easbog i gcoinnibh daoine a chur in áit ná raibh coisrichthe, agus b'é súid an duine deirionnach a cuireadh ann. Ó béal aithris Partolán Uí Duibhir, Cill Mic Abiadh, An Léim
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Partolán Ó Duibhir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Kilmacabea, Co. Cork