Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 314
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó sar a raibh aon dochtúirí mór-thímcheall na h-áite seo, is ós na luibheanna a fhásann ar an dtalamh a gheibhidís an leigheas. Tá ceithre luibheanna ana choitcheannta mórthímceall na h-áite agus sé an ainm atá ortha ná, Meaca Dá h-abhann, an Slándas An Cnuibh agus an Chupóg. Tá an Meaca Dhá h-abhann ana maith do iscóid. Tá leigheas ins an slándas i gcóir méisgire nó rud ataithe. Cuireann siad ós cionn deatach an teine agus cimiluigheann siad píosa ime nó rud éigin air chun é do dhéanamh sleamhain. Annsan cuireann siad súas ar an méisgire é agus i gcionn cúpla lá bheadh sé chómh maith is a bhí sé ríamh roimhe sin. Tá an Cnuibh ana flúirseach mórthímceall tobair a bheannacha. Dath ghlas atá air agus tá leigheas air(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coolieragh, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Mathgamhna
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coolieragh, Co. Cork