School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)n Ínse agus duine eile thiar i nDún Chaoin – Rós Mór An Dia bhean agus Mairín Dubh ó Iarthar Éireann Fuaireadar tuairisg go raibh na triúr fili so ábalta é thabhairt amach lé n-a gcuid filidheachta. Chuaidh a mhuinntir ag triall ar mhnaoi na Gaillimhe. Bhí sí ró-críonna agus ní fhéadfadh sí teacht i n-aoinfheacht leo. Chuadar as san go h- Ínse acht bhí an file a bhí annsan breoidhte ar a leabhaidh agus níor fhéad sí sin leis teacht i n-aoinfheacht leo. Chuadar as san go Dún Chaoin ag triall ag Mhairín aeht bhí sí sin ar an leabaidh leis agus ní raibh sí ábalta ar theacht i n-aoinfheacht leo.
Bhí inghean ag Mairín ag obair ar fuaid an tighe agus bhí sí ag éisteacht le muinntir Seánaigh Séamuis an fhaid is bhíodar ag cainnt le n-a máthair. ‘’A mháthair’’ arsa an cailín óg ‘’an leigfea mise i n-aoinfheacht leo’’ ‘’Á! a chailín’’ arsa máthair an chailín óig ‘’ní leigfead mar dhéanfadh mar sí gallán cloiche díoc’’ arsa an cailín. ‘’B’fhéidir ná déanfadh’’ arsa an cailín. Annsan chéistig Mairín a h-inghean chomh cruaidh agus d’fhéad sí é acht ní’l aon cheist a chuir sí chuiche ná gur réidhtidh an inghean. Táim i n-amhras arsa Mairín ná go ndéanfaidh tú an bheart. D’orduig an cailin culaith síoda a dhéan di annsan. Nuair a bhí an culaith síoda déanta D dhéin sí píosaí beaga de chun go mbeadh gach píosa ag séideadh leis an ngaoich.
D’imigh sí annsan agus striúraigheadh(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry