School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh aon Rí ann fadó i dtosach an t-saoghail. Tar éis tamaill do cheap na daoine Rí chun dlighthe a dhéanamh agus chun smacht a choimeád ar na daoine a bhí ag eirghe ró láidir. Bhí fear saidhbhir ann san am san agus toghaidh na doaine mar Rí é. Níorbh aon Rí maith an fear so mar ní raibh sé ag déanamh aon mhaith do's na daoine acht gach ní ar a thoil aige féin.
Gach bean óg a bhí san áit chaitheadh an Rí í d'fhághail le pósadh dá dtaithneochadh sí leis. Do mhair an Rí seo ar feadh seacht gcéad bliadhan agus nuair a bhí sé i ndeire a shaoghail theastuig uaidh cailín óg áluinn a bhí i n-a chomhursanacht do phósadh. Inghean baintreabhaighe a b'eadh an cailín seo agus níor theastuig ó'n a máthair go bpósfadh sí an Rí mar bhí sé ró-chríonna agius rud eile bhí seacht gcéad bean pósta aige cheana. Chuir an baintreabhach seo eachtra ar na páipéaraibh nuaidheachta ghá rádh go raibh an Rí ag iarraidh a h-inghean a bhaint di dá h-aimhdeoin.(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Shuilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry