School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leac an Easaig
Tá leac mór istig san abhainn i gCam an Lochaig agus Leac an Easaig a tugtar uirthi. Do bhí bean agus leanbh istigh fé 'n lic seo ar teicheadh in aimsir na nDhlighte peanaideacha. Gaibh saighdiúirí Shasanna an treó seo uair amháin agus chonnacadar an bhean bhocht agus an leanbh istigh fé 'n lic agus an t-uisge ag imtheacht do dhruim na lice. Do mhairbh duine des na saighdiúirí an bhean agus an leanbh. Níor thaithnig sé sin leis an gCaptaen agus do mhairbh sé an saighdiúr féin sa láthair céadhna. Tá an lic seo le feiscint fós go soiléir. Tá an t-uisge ag rith anuas dá druim fé mar bheadh eas. Sin é an fáth go dtugtar Leac an easaig air ó shoin anuas. Bíonn glór uathbhásach ag an lic seo le línn seóinseail aimsire.Siobhán Ní Shúilleabháin.
Fuaireas an sgéal seo ó Pádraig Ó Súilleabháin.
Féach leathanach 4.
14 - 1- '38.- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry