School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Cormac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 073
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do mhair triúr fear thiar i nDún Chaoin – Baile an Fhirtéirigh – tamall maith de bhliadhantaibh ó shoin agus bhíodar beo bocht, cé go rabhadar pósta agus muirear mór ortha. Tháinig triúr acu lé chéile aon lá amháin agus do shochruigheadar eatorra féin go raghaidís ag tuilleamh a bpáigh dóibh féin mar ná féadfaidís maireachtain gan ádhbhar airgid a bheith acu chun iad féin a chothú.
    Chuadar abhaile agus dubhradar le n-a mnáibh lón bídh a dh'fhághail ullamh dóibh féin go mbeidís ag imtheacht síos go lár na h-Éireann ag obair. Tháinig an mhaidean agus d'imthigheadar triúr chun bóthair. Bhí tamall maith de'n bhóthar curtha thársta acu nuair a bhí an oídhche ag druidim leo, agus chonnacadar tigh beag tuighe ar thaobh an bhóthair agus dubhradar le n-a chéile go gcuirfidís fútha ins an tigh sin an oídhche sin. Chuadar isteach ann agus ní raibh duine ná daonnaidhe i n-a chomhnuidhe ann acht cnocán mór luaithe i lár na cistineach.
    Do shíneadar ar an úrlár agus do thuit a gcodhladh ar bheirt acu acht néal níor thuit ar an dtriomhadh fear. Timcheall am mairbhe na h-oidhche do chonnaic an fear so dhá chat anáirde ar an gcnocán luaithe agus iad a rádh le chéile go raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0569: The Knapsack, the Hat, and the Horn
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic Gearailt
    Gender
    Female
    Address
    Baile na hAbha, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Mac Gearailt
    Gender
    Male
    Address
    Baile na hAbha, Co. Kerry