Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tamadán bocht nfeadair sé c'en deifriocht a bhí idir seactmain agus bliain agus í nionadh bliain is amlaidh a bhí trí bliana tugta aige ag obair. Seadh arsa an feirmeóir leis ní casad do mháigistir riam orm agus tá sé chóm mait agat turas a thabairt abaile. Feadfaid tú teacht arís más maith leat agus geobhaid tú m'inghin le posadh.
Dimthig sé leis abhaile agus gan aige i mbarra na dtrí bliadna acht chuig púint. An tráthnóna céadna chí a dhriotháir ag teacht abhaile tar-éis é bheit crioctnuiche le sagartheóireacht. An oidhche sin bí cainnt is cómhrad is cuideachta acu. Na cómharsain bailiú isteach ag fáiltiú an sagart óg agus gan aon tsuim san amadán bocht eile gan dabht arsa Seán níl acht bliain ó connabhair cheana é. Gháir gach h-aoinne. Tá arsan sagart trí bliana ó fhágamair an tig seo.
Faigim míle párdún arsa an tamadán nách deas an sagart óg ná feadair an bhfuil puinn aimsire ó fhág sé an tig seo go deireannach. Sead anois ar san sagart geóbhadh sa chúgat nuair a raigir thar nais acht na innis gur drithéir duit mé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall O Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Peig Cé
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry