Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bheirt driothár ann fadó agus bhí duine aco ana léigeanta agus bhí an fear eile saghas simplídhe. Dimthig an fear so a bhí léigheanta i gColáisti chun sagart a deanam do is d'fhan an fear eile aige baile. I gceann trí bliadna tháinig sé abaile ón gColáiste agus chait sé tamall aige baile. Nuair a bhí sé ag imtheacht dúbhairt sé le na drithéir "sead air seisean fanfaid tusa i dteannta do máthar." An briathar ná fanfad mar tá sé chómh ceart agamsa imteacht chómh maith leatsa.
Dimthig an tamadán driothár air agus casad ar feirmeóir é. D'fhiarfhuig an feirmeóir do cad a bhí uaid. Tá air seisean ionad aimsire. Do leitéid atá uaim arsa an feirmeóir. Cad a bheitfeá d'á lorg orm go ceann bliana air-sa an feirmeóir. Mhuise arsa an buachaill pé níd is dóig leat is fiú mé. Tabarfad chúig púint duit agus mo ingean leí pósadh ma thaitnigheann tú liom. Do luig sé leis an bfeirmeóir agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall O Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Peig Cé
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí