Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. Galway
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 052
- XML “Féilí na Bliana - Lá Fhéile Pádraig”
- XML “Féilí na Bliana - Lá Fhéile Mhic Dara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá Saoire mór é Lá'l Pádraic in Éirinn. Bhí siad ag caitheamh seamróg ina gcuid cótaí in-oinéir do Naomh Pádraic. Is leis an mbláth sin a theasbáin sé an creideamh fadó. Bíonn síad ag caitheamh uaithne ina gcuid cótaí freisean. Mar gheall go bé an chéad Árd Easbog a bhí ar Éirinn é caithtear an uaithne an lá sin dhó. Cuireann lá'l Páraic na Sean-Ghaedhib i gcuimhne dhóibh agus caitheann siad cláirseach an lá sin i gcuimhne do'n ghléas ceóil a bhí aca. Is maith le daoine as Éirinn atá imthighthe thar sáile an tSeamróg fhághail. Cuireann a muintir aca í. Bhiodh fuisce i chuile theach fadó. Bhiodh síad ag ól sláinte Phádraic.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.