Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Marbhuigheann chuile dhuine caora an oidhche sin. Cuireann siad crosóg ar a inbaithis(?) leis an bhfuil. Bhí Mac Dé agus Naomh Peadar ag dul thart agus tháinig siad isteach i dteach bocht. Ní raibh aon bhlas aca le tabhairt dóibh. Dubhairt Naomh Peadar le Mac Dé rud eicínt a dhéanamh leis na daoine bochta. Blian ón lá sin bhí síad ag dul thart aríst. Bhí siopa agus deis agus beithidhigh aca. Bhí síad na ndaoine móra. Bhí Mac Dé agus Naomh Peadar an stroiche agus bocht. D'iarr síad braon tae. Ní bhfuigheadh siad é. Chuaidh an bhean ag breathnughadh ar an gcáca ach ní raibh aon cháca sa mbácús. Ní raibh a fhios aice céard a bhí sí a dhéanamh. Dubhairt sí le Mártan eirthige(?) a chur ar na fir. Dubhairt Naomh Peadar gurbh é Mac Dé a bhí ann a rinne chomh maith sin íad. Nuair a chuala Martan sin chuir sé a chuid searbhónta amach ag marbhughadh caora. Rinneadar féasta móir. Bíonn féasta ag na daoine ariamh ó shoin in-onóir do Fhéile Mártan.