Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Callownamuck, Co. Galway
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Franncaigh:- Gníonn na frannchaigh go leor dioghbhála freisin. Marbhuigheann siad sicíní, lacain agus géanna óga. Itheann siad coirce, arán agus éanlaithe mar thúas. Cómhnuigheann siad i sean bhallaí. Gníonn siad puill in urláir, sileáil agus i mballaí.
    Coiníní:- Ainmhidhthe ciúine nach ndéanann mórán díoghbhála seadh na coiníní. Itheann siad cabáiste, litís agus glasraidh eile. Déanann siad puill fhada fá'n dtalamh agus beireann siad féar tirim síos leo chun nead a dhéanamh dhe. Ainmhidhe faiteach é an coinín agus ritheann sé síos 'na poll má chloiseann sé torann. Is minic a mbíonn dinnéar breagh againn as dhá choinín agus bíonn an t-anbhruith go h-álainn.
    Easóg:- Ainmhidhe nimhneach í seo. Cómhnuigheann sí í sean ballaí. Marbhuigheann sé franncaigh agus coiníní agus itheann sé iad. Deirtear gur comhartha ádha é casadh ar easóig. Má bhíonn sparán agat déanta as a craiceann beidh airgead agat i gcómhnuidhe. Tá nimh i smugairle na h-easóige, deirtear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge