Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Callownamuck, Co. Galway
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 003
- XML “Caladh na Muc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Connamara d'fheiscint go soiléar. Talamh mhaith aol-chloch atá ann ach ó thárla go bhfuil a lán clocha san áit is deacar an talamh a shaothrú. Deirtear gurbh é an leach-oidhre abhí ag clúdach na h-Éireann uair is cionntach leis na carraigreacha móra atá annseo is annsúd 'sna páirceannaibh. Tá áiteacha san gceanntar agus níl lé feiscint ionnta ach clocha agus leaca. Is soiléir o'n méid sgeacha agus préamhacha crann atá san áit go raibh coilléir annseo fadó. Níl fágtha ach a rian anois.Tíghthe:- Tá aon teach déag san sráidbhaile anios. Ceann tuighe atá ar gach cheann díobh. Tá na ballaí aol-daithte istigh agus amuigh. Coinnightear go deas glan iad. Bíonn róis ag fás in aice an dorais ar aghaidh an tighe i bhfurmór díobh.Bóithre an Cheanntair:- Bóithre réasúnta maith atá ann. Fásann sgeacha ar gach taobh díobh go mór mór an sgeach geal. Ballaí déanta as clocha atá mar theorainn idir iad agus na páirceannaibh. Rinneadh bóthar nua timcheall deic mbliadhna ó shóin - bóthar ag dul ó Chaladh na Muc amach tríd an bportach go dtí an t-árd bóthar go Gaillimh. Comhghar mór é sin anois go Gaillimh. Bhailigheann na daoine lé chéile ag an gcros-bhóthar tráthnóna Dia Dómhnaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Madelín Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Callownamuck, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Oileabhéar Ó Chárthaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrowmoreknock, Co. Galway