School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Doire Bhó Riada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Mór Iata
  2. XML Page 180
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an am fadó deirtear go mbeadh or í bhfolach ins na portaigh agus ins na cnocaibh. Tá sgéal í dtaobh aith araibh oir í bhfolach ann. Nuair a bhíodh an cogadh í n-Eirinn fadó do théigheadh na daoine ó na gardaí agus ó na saighduirí agus déanadh siadh comhnuidhe go mor mhor ins na choic mar bhíodh pollanna mora ionnta.
    Na daoine seo do thugadaís óir agus gach rud leobh ins na pollanna mhóra seo mar bhíodh faichthíos orthu. Tá áit í gcnoc na h-Uilleann thoir agus sé an t-ainm a thugaidís air Poll Craobhog agus deirtear go bhfuil sgéal i dtaobh an poll mor sin. Lá amháin do chuaidh fear isteach píosa san bpoll sin agus cheap sé go bhfaca sé spáran oir aníos píosa as an talamh.
    Do tháinig áthas mor air agus fuair sé a mhaide taobh amuig d'en pholl do chuaidh sé isteach agus bhí áthas an domhan air. Nuair a chuaidh sé isteach níor raibh sé in a-ann an spáran oir d'feiceal agus bhí sé tríd a cheille go h-an mhor. Do chuairtuigh sé an chrefag (?) lé na mhaide agus d'airigh sé rudh cruidh an doimhin síos sa gcrefóg. Do bhí sé dá cártadh agus ba gearr gur cur sé aníos é agus céard a bheadh ann acht cupán briste. Níor chaith an fear níos mó ama ag chuairtuigh an sparán óir acht chuaidh sé a bhaile agus d-ínns sé do na daoine go raibh sé cinnte go bhfaca sé an sparán oir istigh í "bPoll Craobhóg". Deirtear go bhfuil an t-or
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Seóige Mhichil
    Gender
    Male
    Address
    An Uillinn Thiar, Co. Galway