School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Doire Bhó Riada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 189

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 189

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Mór Iata
  2. XML Page 189
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann aon uair amhain a raibh trí bá aige. Bhí trí laoig ag na trí ba agus faoi ceann tamaill cailleadh ceann de ba. Ní moran bainne le faghail ag an laoig a cailleadh matair agus bhí an da laoig eile ag fagail i bfadh nios mo na é. Nuair a bhí na laoigheannta ag fas sean bhí an laoigh a cailleadh a mháthair í bfadh nios fearr na iad. Bhí an iongad ag an bfear annsin agus oidhche amhain a bhí sé amuig connaich sé an bhó agus an laoig ag duil uirthi lean sé annsin í agus fuair sé greim rioball uirthí acht thug sí an rioball uaidh agus dimtig sí. Bhí sé amuig an dara oidhche agus do connaich sé ag duil uirthi ar an mbó do lean sé an bhó acht d'imthig sí uaidh . Do bhí sé amuigh an treas oidhche arist agus do chás sé a laimh i-na agus do tarraing sí é acht coinnig sé a greim agus do tug sí go tulacaí na garinan é. Bhí go leor sideoga annsin agus d'iarr sé luach na mbó ortha acht nior tugadar doibh é agus tugadar do ar buarach a bhíodh ar an mba. Chuaid se abhaile annsin agus an buarach aige agus níor thainig an bhó chuige ní bu mo. Faoi ceann bliadna i-na diaidh sin fuair an fear bás. Mar gheall ar go go b'fuair se an buarach ó na sideoga.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Seoige Padraic
    Gender
    Male
    Address
    Doire Bhéal an Mháma, Co. Galway