Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. Galway
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “Leigheasanna na Seandaoine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí go leor leigeasanna ag na daoine fadó. Nuair a bhíodh faírtiní ag na daoine fado theigead sé go dtí cloch in a mbeadh sórt lugan isteach ann agus nach mbeadh aon uisge ag rith chuige. Nuair a tiocfadh sé comh fada leis an gcloch dhórtfadh sé cupla tonna uisge anuas air agus déarfadh sé uisge cloch gan iarraidh. Ní go
    t-iarraidh athá mé acht ag iarraidh do cuid leigheas. Bhíodh leigheas eile acú do fairtní nuair a d'feicfad siadh seilimide ar taobh an bothair no in aon aith ar bith geobfad siad cipín tríd an seilimide agus saitfeadh siad ins an dtalamh é agus deirtear an fadh is beith an seilimide ag lobhadh beith an fairtín ag com maith no corr uair nuair a geobfadh na daoine piosa féola cuirfead sé cipín trid an feola agus an fhad is beith sé ag lobhfad beith na fairtní ag lobadh freisin. Bhí leigheas ag na daoine í gcomhair tinneas fiachal sén sort leigheas a bhíodh acú , frog beo a cur siar í na béal agus é fághail tamall beag ann agus nuair a caithfídis amach é beith siad leigheasta. Corr uair geobfadh siad smig neanta a cur siar in a mbéal agus é cuimilt da b'fiacla agus annsín é a cur i mbuideal agus an buideal a cur sa dtalamh agus an fadh is a mbeith an smig neanta ag lobhadh freisin. An té a mbiodh pian
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraic Seoige Sheain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fionasclainn, Co. Galway