School: Doire Mór Iata (roll number 16599)
- Location:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Teacher: Hannraoi Ó Coinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Mór Iata
- XML Page 192
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean an uair amháin agus bhí mac amháin aici agus sé an t-ainm a bhí air Mághnus. Cuir a mháthair uibheachaí i mbosca agus chuir sí gé ina luí orthu. Lá amháin chuaidh sí amach sa ngáirdín agus ní raibh aoinne sa teach acht an mac. Bhí an dúil ag Manus i bhfeoil agus chuaidh sé go dtí an áit a raibh an bosca agus rug sé ar an nge agus marbuigh sé í. Bhí pota uisge ar teine agus chuir sé an ge sa bpota annsin luighe sé féin ar na h-uibheachaí agus d'fhan sé annsin ar feadh cupla uair. Ní raibh sé i bfad go dtáinigh a mháthair isteach agus bí sí ag tóruigheacht an mac gach áit sa teach agus faoi deire thiar thall glaoidh sí air. Nuair a chuala Mághnus a máthair ag glaoidheach air dubairt sé ós árd "Glug Glug a máirín tá Maghnus ar na h-uibheacha." Ní raibh fhios ag an mháthair cá raibh sé acht faoi dheireadh chonnaic sí a chlogeann aníos as an mbosca. Annsin rug sí taobh amuigh air agus bhuail sí go trom é mar gheall ar an nge a marbhu mar ní raibh aici acht í. Annsin cuir sí taob amuigh den doras é agus dubhairt si leis imtheacht as a h-amharc go brath aris. D'imig sé leis gach duine a casfaidhe air bhídís(continues on next page)
- Informant
- Seán Seoige Tomáis
- Gender
- Male
- Address
- Doire Bhéal an Mháma, Co. Galway