School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Doire Bhó Riada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Mór Iata
  2. XML Page 105
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amháin agus bíod áthas a
    chroide ar nuair a chluisfeadh sé muinntir na h-áite ag
    rádh gó mbéadh damsu i dteac ar bit ar an mbaile,
    mar bhí grádh a chroidhe aige de cheoil agus de damsu.
    Bhí gó máith agus ní raibh gó h-olc tháinich an oidhche
    gó raibh damsu ag fear ar an mbaile agus chuala
    an fear seo é. Tháinich sé abhaile chúigh a mháthair
    agus dínnis sé an sgeail seo di. Dubáirt an mháthair
    nach raibh deis ar bit aige le dhul chuig an damsu
    sin nuair nach raibh aon duine le fanacht sa mbaile
    agus nac raibh sí fhéin inson beirt pháiste dó chudhal
    oidhche fada gheimhridh. Bhí chroidhe an fhir óg seo ina
    dhá leit na lár nuair nach bhfeadfeadh sé dul
    chúig an damsu mór seo a bhí ar an mbaile.
    Bhí an oidhche ag teacht agus chloisfeadh na daoine
    ag beicheach agus ag teacht chúig an damsu, bhí fír
    oga an bhaile ag dul chúig an damsu freisin
    ce is moite den fear seo a bhí i mbeo phianta
    nuair nach teighfeadh a mháthair chúig an damsú í
    fheín mar ní raibh aon nídh ag dul idir é agus
    codhladh na h-oidhche agus ceoil agus damsú. Bhí sé
    ag tróidh agus ag achrainn le na mháthair agus
    cé thiocfadh isteach agus an tróidh ar bun act
    bean. D’éirge croidhe an fhir óg agus diarr sé
    ar an mbean a tháinic isteach an dtiubhraidh sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0956B: The Clever Maiden Alone at Home Kills the Robbers
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraich Ó Máille
    Gender
    Male
    Address
    Doire Bhó Riada, Co. Galway