Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 329

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 329

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 329
  3. XML “Filí na hÁite”
  4. XML “Filí na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an féar dhó ceard a bhí sé ag déanamh agus dubhairt an file gur ag déanamh filidheact a bhí sé. Bhí sé na comhnaide ar oilean. Ní raibh aon teach ar an oilean act teac beag. Biodh daoine ag dul i anonn i mbad aige agus lá amhain cuaideadar i anonn cuige agus nuair bhíodar ag teact anall bathad na daoine go leir act nior bathad an file shábhail sé é féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí file san Árd Mhór tuairim is leath chéad blian ó shoin. Sé an t-ainm a bhí air Máirtín Ó Grialis. Ní raibh aon sgoil aige. Deirtear go raibh an fileacht aige do réir nádúr. Sgríobh sé go leór fileacta. Bhí sé pósta ac ní raibh aon clann aige. Sé an slighe bheatha a bhí aige ná bíod sé ag fiadac. Agus nuair a bhíod coinín maruig aige diolfhad sé é sa siopa. Rinne sé amhrán de fear agus de bhean a bhí ag dul ag pósadh agus ní raibh aon bhainis aca. Bí siad án bhocht. Táilliúr a bhí sa bfear. Cheap máirtín Ó Grailis go leór fileacht . Níl mórán dhá chuid fileacht le fághail anois. Nuair a tarlochadh rud iongtach ar bith dhéanfadh sé píosa fileacht faoi. Áit ar bith a théigheadh Máirtín Ó Grailis agus a bfuigheadh rud le n-ithe déanfad sé amrán ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Peigí Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. Galway