Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)

Suíomh:
Brownsgrove, Co. Galway
Múinteoir:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0446

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0446

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Leathanach 0446
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Poll Séamuis. Ta an pháirc ina bhfuil an poll seo suidhte i gCortún. Sé an fáth a tugtar Poll a Séamuis ar an áit seo mar báitheadh fear dairb ainm dó Séamus Ó Néill ann. Aon oidhche amháin bhí an fear seo ag cuairt agus nuair a bhí sé a' teacht abhaile tháinig an "fóidín a mara" air. Bhí poll mór uisge i lár na páirce agus ní fhaca sé é agus shiubhail sé isteach ann. An lá in a dhiaidh sin chonnaic na daoine é agus ón lá sin amach tugtar an t-ainm sin air.
    Poll a Cheiligh. 'Sé an fáth a tugtar an t-ainm sin air mar bhí a lán
    sgoibib Ceiligh a' fás ann fadó agus bhí locán mór in aice leó. Tá
    siad le feiceál a' fás ann go fóill.
    Cnocán na bháire. Sin cnoc mór atá suidhte i gCortún. Tá alán clocha móra ar a bárr. Fadó thagadh a lán daoine go dtí an cnoc sin agus bhíodh siad a' búaladh báire agus a' damhsadh agus a seinm ceóil agus a'
    déanamh rudai eile mar sin ar an gcocán sin.
    Ball na gCeardchain. Sin áit a bhfuil suidhte in aice leis an seipéil i
    gCortún. Sé an fáth a tugtar an t-ainm sin air mar bhí ceardhcan ann fadó agus thagadh a lán daoine chun cruidhte fhágail. Tá an t-ainm ar an áit sin go fóill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Brownsgrove, Co. Galway
    Bailitheoir
    Máire Ní Naoidheanán
    Inscne
    Fireann