Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)
- Suíomh:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó hAnnracháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé ar an urlár salach,
tá sé ar an urlár glan,
tá sé faoi an plúirín sneachta,
tá sé faoi an chrann.
Ag dul ó dheas ar maidin dhom,
bíonn sé ar mo láimh dheis,
's fé mar éirigheann an ghrian,
bíonn sé beagnach faoi mo chois.
Ag dul ó dheas sa tráthnóna dhom,
bíonn sé ar mo láimh clé,
's é ag dul i bhfad i dtolaimh,
an fhaid a leanfaidh mé don tslíghe.
Tá sé díreach faoi do lámh
acht ní thiocfaidh leat lámh a chur air,
's fir an domhain dá mbéidís ann,
D'éalóchadh sé uatha go léir.
freagra. scáth.
Céard is cosamhail le crúdh capaill?
f: crúdh lárach.
Corcán óir lán d'feóil beó.
f: méaracán.
Mathair mór ar chúl an chófra agus dá chéad cóta air.
f: gás gabáiste.
Chomh hard le balla, chomh bán le bainne,
chomh dearg le fuil, chomh milis le mil.
f: ubhall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Eathach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Beagh (Browne), Co. Galway