School: Trian Caol (roll number 10778)

Location:
Treankeel, Co. Donegal
Teacher:
Peadar Mac Gaoithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Trian Caol
  2. XML Page 241
  3. XML “Scéal”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cabhanaigh. Léim sé fa thuairim míle talaimh. Tá lorgacha a chos le feiceal ar an charraic go dtí an lá indiu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí tobar eile shíos cómhgarach do Roilig na Dubhglaisidhe. Thigeadh daoine uair sa bhliadhain agus ghnídheadh siad turas. Thigeadh siad as achan pháirt d'Éirinn. Thoisigheadh siad ar an turas ag tobar na Dubhglaisidhe agus théígheadh siad suas go Tobar na Súil agus thigeadh siad arais airíst chuig an áit ar thoisigh siad.
    Bhí síbin ag fear shíos cómhgarach do'n tobar. Lá amháín bhí siad ag deanamh an turais agus chuaidh na fir chuig an tsíbin. Bhí siad uilig ar meisge agus thoisigh fir Gleann tSúilighe agus Fir Fhanaide ag troid. Thug siad leath mharbhadh ar a chéile. Bhí fearg ar an Eaglais agus chuir sí déireadh leis an turas.
    Shíl an fear ar leis an cuibhreann go mbéadh sé níos feárr gan an tobar agus leig sé é. Bhí triúr fear ag cuideadh leis. Bhí triúr de'n cheathrar fear marbh roimh bhliadhain agus ní rabh sláinte mhaith ag an fhear eile o shoin.
    Chuaidh Tobar na Súil tirm ins an am chéadna. Tá an charraic le feiceal go foill ar mhullach Chnoc an Toighe.

    Fuair mé an scéal seo ó
    Peadar Mac Gaoithin
    Na Bruighneacha
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Gaoithin
    Gender
    Female
    Informant
    Peadar Mac Gaoithin
    Gender
    Male
    Address
    Breenagh, Co. Donegal