School: Trian Caol (roll number 10778)

Location:
Treankeel, Co. Donegal
Teacher:
Peadar Mac Gaoithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 247

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 247

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Trian Caol
  2. XML Page 247
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bhí fear darbh ainm Micheal Mór in a chómhnuidhe leis fhéin i Mín a' tSionnaigh am amháin. Achan oidhche nuair a bhéadh sé ag gabhail amach i dh'áirneal chuireadh sé an glas ar an doras. Oidhche amháin nuair a tháinig sé na bhaile bhí an eochar caillte aige. Oidhche dhorcha a bhí inntí agus ní rabh maith ar bith in a cuartughadh. Bhí sé in a sheasamh annsin agus ní thiocfadh leis fághail isteach.
    Sa deireadh smaointigh sé ar phlean. Fuair sé dréimire agus rópa. Chuaidh sé suas ar mhullach an toighe agus cheangal sé an rópa thart ar tsimleoir. Fuair sé greim ar an rópa agus thoisigh sé ag gabhail síos. Bhí madadh drochmhuinte aige agus nuair a chonnaic sé Micheal ag teacht anuas an simleoir thoisigh sé ag bainnt greim as a shalaibh. Chaill Micheal greim an ropa agus thuit sé isteach sa teinidh. Luighe sé annsin ar feadh tamaill no ní thiocfadh leis éirigh. Nuair a d'éirigh sé bhí a sgiathain doighte suas go dtí an dá uille.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Gaoithin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac Daibheid
    Gender
    Male
    Address
    Ballynaglack, Co. Donegal