School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 231
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Fear ar dhruim capaill agus mála leis ar thoseach na diallaide ag gabhail a amharc suas ins an spéir."
Phill Murcadh na bhaile agus é sasta go leor gur bhe comraidaidhe Murchaidh Bhig a bhí ann. - Lá amháin d'imir muinntear Ghleann tSúilighe le muinntear Druim Caoin. Da n-eireochadh le muinntear Druim Chaoin muinntear Ghleann tSúilighe a chuir amach thar Bhinn tSúilight bhéadh an buaidh leo no da gcuirfeadh fir Ghleann tSúilighe muinntear Dhruim Chaoin amach thar Chró na mBoc bhéadh an buaidh leo. Bhí achan áit fa thuairim trí míle ó Uaigh an Fhathaigh i Suidhe Corra. B'é sin an áit ar sgaoileadh an cnag.
Thoisigh an imirt agus bhi an chuid a b'fhearr de'n lá ag Druim Chaoin ar dtús. Bhí siad ag tarraingt go maith ar Bhinn tSúilithe. An uair sin bhí cuid mhór eallaigh agus caorach ag an Tighearna talamh thuas i Min an Fhir Ruaidh. Bhi airightheocha aige ag coimhead a chuid stuic. Tráthnóna tháinig airighthocha Bharr a' Ghleanna 'un cuididh le fir Ghleann tSúilight. Thionntuigh siad an lá(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Gaoithin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Daibheid
- Gender
- Male
- Address
- Ballynaglack, Co. Donegal