School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 188
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí fear ag gabhail thar chuibreann lá amháin san áit a rabh searrach maith ag inghilt. Ba mhaith leis an t-ainmhidhe a fhághail nuair a bheadh sé mór.
Ní rabh airgead aige leis an searrach a cheannacht acht smaointigh sé ar phlan a dtiocfadh leis é a fhágha[il.] Bhí rialt ar eadan an chapaill agus ghéarr sé giota feola amach as an áit a rabh an rialt. Chuir sé reul isteach san pholl a rinne sé agus chuir sé an giota feola isteach arais.
Nuair a d'éirigh an searrach mór ghoid an fear seo é. Fuair an fear ar leis an capall é acht ní thabhairfeadh an fear eile suas é. Chuaidh siad 'un dlighidh. D'fhiafruigh an breitheamh do'n fhear an rabh marc ar bith aige ar an chapall. Dubhairt sé go rabh. Da mbiodh reul faoi an realt i n-eadan an chapaill gur leis é no gur goideadh uaidh é nuair a bhí sé óg agus go rabh an marc sin aige air.
Fuaireadh an reul faoi an realt agus fua[ir] an fear an capall a ghoid sé.- Collector
- Máire Ní Éagartaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Padraig Ua Dhocartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Breenagh, Co. Donegal