School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 218
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé go h-an chruaidh agus bhuaileadh sé an t-arbhar ag Samhain. Nuair a bhíodh an mhin déanta aige chuireadh sé é isteach i gcisiní. bhíodh cúig nó sé cisín lán aige achan bhliadhain. Chuireadh sé creafóg gorm ar bhárr achan chisín leis an t-aer a choinneal amuigh agus chuireadh sé cupla bluic faobhta le iad a choinneal tirm. Bhi mórán daoine bochta san áit agus nuair a bhíodh Toirdhealbhach amuigh ag obair tigeach siad isteach chuig Eibhlin ag iarraidh mine. Roinneadh Eibhlin an mnin leo i gcómhnuidh. Chonnaic Toirdhealbhach go raibh an min chóir a bheith raitthe agus dubhairt sé leithe gan níos módh a thabhairt ar siubhail. D'fhosgail sé cisín eile agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé mairstean an fad seo d'am. Chuireadh sé marc ar an chisín achan maidin sa dóigh go mbeadh fhios aige an méid a thug Éibhlin ar siubhail. Bhí na daoine uilig ag teacht isteach ach bhí eagla ar Eibhlin min a thabhairt dobhtha. Fuair sí meanaidh agus rinne sí poll i dtóin chisín eile. chuir si plata faoi agus nuair a bhi an plata lán [ ] si giota adhmuid isteach san pholl. Sa dóigh sin bhí si abalta an mhin a thabhairt dobhtha.
Nuair a d'fhosgail Toirdhealbhach an cisín chonnaic sé go raibh sé cóir a bheith folamh. D'amharc sé ar Eibhlin ach níor labhair sé. bhí fhios aige nach raibh gar a bheith leithe.
La amhain tháinig Eibhlin isteach i d'amharc ar a h-athair 'gus a máthair i Fathaí Caoin. D'fhág sí ag árd tráthnóna agus chuaidh sí suas i d'amharc ar a deirbhshiúir a bhí pósta in Alt an Iarinn. Bhí eagla ar mhuinntear Ailt an Iarainn(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Gaoithin
- Gender
- Female
- Informant
- Bríghid Ní Thómhnair
- Gender
- Female
- Address
- Tullyhonour, Co. Donegal