School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 202
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad Aifreann daobhtha agus bheir siad cumaoineacha daobhtha. Ach is air a tharraing mé an sgeal. Bhí na sagairt ag eisteacht an lá seo i dtoigh Phaidi agus mar bhíodh i gcomhnuidhe. Bhí fun máith grinn ar Phaidi. Chonnaic sé ceathramh[a] tobacco saithte i bpoca sagart na paroisde agus dar leis gur dheas í a ghoid. Isteach leis ar faoisaoide chuig an t-sagairt agus thoisigh sé a dh'innsigh a chuid peacaidh. Níor bhfada gur chuir sé anonn a lámh go fór-mhothuigh agus ghoid sé an tobacco as poca an t-sagairt. Ní luaithe a rinne sé seo na d'inis sé gur ghoid sé ceathramha tobacco o fear uasal. "Caithfidh tú í a thabhairt do arais". "Bheirfidh mé duitsa í" arsa Phaide. "Ní ghlacfadh mise í." "Thairg mé dó í" arsa "Paidi agus ní ghlacaidh sé í acht bheirfidh mé duitsa anois í". "Na glacaim-sé i" arsa sagart go feargach. "Bhal thairg mé dhá uair do í" arsa Phaidí "agus ní glacfadh sé í." "Bhal coinnigh fhéin anois í" arsan sagart.
Ní rabh dé sin ach sin go dtí go rabh an T-Aifreann thart agus a chuid deanta ag an t-sagart. Tharraing sé air a phiopa go gcaitheadh sé a shaith tobacco acht ní rabh tobacco aige. Chuartuigh sé achan phoca ar a chota acht ní rabh a ghath le faghail.(continues on next page)- Collector
- Máire Níc Phaidin
- Gender
- Female
- Informant
- Seamus Mac Phaidin
- Gender
- Male
- Address
- Breenagh, Co. Donegal