School: Trian Caol (roll number 10778)

Location:
Treankeel, Co. Donegal
Teacher:
Peadar Mac Gaoithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 177

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 177

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Trian Caol
  2. XML Page 177
  3. XML “Story”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí fear in a chomhnuidhe ins an iargúltacht agus ghlac sé [ta?]om tobann tinneas. Bhí sé le bás. Bhí buachaill gasta, leagtha, [l]ughmhar san teach beul doras agus cuireadh é fa dhéin an t-sagart fa théighreamh mór. Shroich sé teach an t-sagart [a]gus d'innis sé do'n t-sagart caidé bhí ceárr. Bheir an sagart ar a bhata agus d'imthigh sé fhéin agus an buachall [a]g tarraingt ar teach an fhir tinn. Nuair a bhí siad [le]ath bhealaigh ar siubhal chuir an sagart a lamh ina phoca [a]gus arsa seisean. "O bó bó! Rinne mé. dearmad ar an [o]la. Arais leat an meid atá in do chramha agus abair [l]eis an chailín an bocsa ola a thabhairt duit atá in a [l]eithid seo d'áit." Arais leis an buachall.
    Shiubhal an sagart leis, acht ní rabh eolas aige ar an [a]ithghiorra agus chuaidh sé an bealach fada. Chuaidh an buachall [a]n aithghiorra agus nuair a tháinig sé 'un toighe ní rabh [a]n sagart 'un tosaigh.
    Rith an buachaill i n-arraicís an t-sagart agus thug [s]é an bocsa follamh do. "Seo dhuit" arsa seisean "chuir mise
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.