School: Trian Caol (roll number 10778)

Location:
Treankeel, Co. Donegal
Teacher:
Peadar Mac Gaoithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Trian Caol
  2. XML Page 160
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bhí fear in a chómhnuidhe idTulaigh Thómhnair dar bh'ainm Peadar Mór. Bhí beirt fhear eile na gcómhnuidhe ar an Bhaile Bheag. An Snob an t-ainm a bhí ar cheann acu agus an Fear Millteanach an t-ainm a bhí ar an fhear eile.
    Lá amháin bhí Peadar Mór istoigh i Leitirceanainn agus bhí sé ar meisge ag teacht na bhaile. Chualaidh an Snob go rabh sé ar meisge agus chuaidh sé fhéin agus an Fear Millteanach anonn. Bhuail siad ar an doras agus dubhairt siad gur dhá ghárda a bhí ionnta agus go rabh siad ag gabhail a thabhairt Peadar Mór na bearraice. "Má fhághamsa amach ar an simleoir ní bhfuighidh gardaí ar bith mé anocht", arsa Peadar. Nuair a bhí an bheirt fhear ag gabhail suas rinne siad claidhe de clochaibh ar an chasan sa dóigh nach bhfághadh Peadar ar shiubhal ortha. Léim Peadar suas ar bhata a bhí ag teacht amach as an bhalla agus bhris an bata agus thuit sé isteach sa teinidh.
    Ríth an bheirt fhear isteach. Léim Peadar suas agus ríth sé amach ar an doras. Nuair a bhí sé ag gabhail síos an casan bhuail sé é fhéin ar an chlaidhe agus thuit sé. Annsin fuair siad é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Gaoithin
    Gender
    Female
    Informant
    Séan Mac Daibheid
    Gender
    Male
    Address
    Ballynaglack, Co. Donegal